An Cailleach

Cé h-í an Cailleach? Mar is eol do chách, tá cailleach shamhna ann, (sé sin, bean ghránna ag glagarnaigh, le gaosán fada géar agus craiceann glas uirthi), ach níl morán ceangail idir an íomha páistiúil sin, agus an Cailleach ársa ó na glúnta a tháinig romhainn. 

Is fuinneamh suntasach, baineann í an Cailleach. Is gné don t-Ollmháthair í, an gné a bhíonn i gceannas ar na seasúir dhorcha, ach bh'fhéidir, níos mó ná sin, gur an t-Ollmháthair phríomhordúla fhéin í, corpraithe mar bean aosta, críonna, cumhachtach. 

Cé go raibh dearmad beagnach déanta uirthi, tá a bealach rúndiamhair fhéin ag an tseanbhean fíor-iontach faoi chaille, agus tá a spiorad ársa draíochta ag teacht chun tosaigh arís. 

Le linn fhéile Mháire an Chlochán Léith, bhí an saol mór ag caint faoin dealbh seo. Anois tá deis agat 'í' a fheiceáil arís. Mar pháirt d'Oíche Chultúir beidh an suiteán ealaíona i dTeach Niall Ó Dónaill, chomh maith le cheol is scéalaíocht. Goitse agus bí i gcuideachta leis an gCailleach! 


Ealaíontóir: Maria Coleman. Ceoltóir: Pól Ó Gallachóir. Scéalaíocht: Aodh MachGairbheá (agus a páistí).

20.00, 22/9/2023, Teach Niall Ó Domhnaill, Ailt an Eidhinn, Loch an Iúir, Clochán Liath, Co. Thír Chonaill (F94 H7NK)


Whether you're a Gaelgóir, a learner, or a complete novice to Irish, you will be very welcome to come and listen to the music of the language as we sit with the Cailleach - a sculpture representing the ancient Mother Goddess of this beautiful land, in Teach Niall Ó Dónaill, the preserved cottage of the man who wrote the famous Irish/English dictionary. Expect some song and story also!

Maoinithe ag Ealain Na Gaeltachta fríd Oíche Chultúir. #OícheDárSaol #OicheChultuir

© Maria Coleman 2023 | All rights reserved.
Powered by Webnode Cookies
Create your website for free!